Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
An bhfuil sé deacair ort a shocrú cad le déanamh? Lig don ríomhchlár micro:bit seo roghnú duit!
Léiríonn an dá fhíseán seo cad a dhéanfaidh tú agus conas é a chódú:
Intreoir
Treoir chódaithe
Conas a oibríonn sé
- Trí chnaipe A a bhrú tugtar ar an micro:bit uimhir randamach idir 1 agus 6 a roghnú.
 - Stórálann sé an uimhir in athróg ar a dtugtar uimhir_randamach.
 - Scrúdaíonn an ríomhchlár an uimhir randamach ag úsáid rogha. Ag brath ar an uimhir, taispeántar gníomhaíochtaí éagsúla.
 - Ní dhéantar scrúdú ar leith más í 6 an uimhir randamach - cén fáth sin?
 
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
 - Eagarthóir MakeCode
 - paca cadhnraí (roghnach)
 
Céim 2: Códaigh é
1from microbit import *
2import random
3
4while True:
5    if button_a.is_pressed():
6        random_number = random.randint(1, 6)
7        if random_number == 1:
8            display.scroll('PE with Joe')
9        elif random_number == 2:
10            display.scroll('watch a movie')
11        elif random_number == 3:
12            display.scroll('play a board game')
13        elif random_number == 4:
14            display.scroll('tidy our rooms')
15        elif random_number == 5:
16            display.scroll('play a card game')
17        else:
18            display.scroll('learn a song')Céim 3: Feabhsaigh é
- Oiriúnaigh é trí do ghníomhaíochtaí féin a chur isteach sa chód.
 - Cuir níos mó gníomhaíochtaí leis.
 - Cén chaoi a laghdófá an seans go n-iarrfaidh sé ort do sheomra a ghlanadh?
 
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.


