Céim 1: Déan é
Cad atá ann?
Cruthaigh coinneal leictreach is féidir a shéideadh! Braitheann micreafón ionsuite an micro:bit nua fuaim d'anála agus múchann sé an choinneál - agus lasann sé arís í.
Intreoir
Treoir chódaithe
Cad a fhoghlaimeoidh tú
- An chaoi chun uimhreacha randamacha a úsáid chun LEDanna randamacha a chur ar siúl
 - An chaoi chun aschuir a mhalartú mar fhreagra ar ionchuir a bhrath
 - Conas loighic Boole a úsáid chun lasc a chruthú a scoránaíonn air agus as nuair a spreagann an teagmhas céanna é
 
Conas a oibríonn sé
- Stóráiltear uimhir randamach idir 1 agus 3 in athróg ar a dtugtar preabadh.
 - Úsáidtear an uimhir sin chun LEDanna a chur air agus as go randamach go mbeidh cuma air go bhfuil lasair ag preabadh.
 - Tá LEDanna an micro:bit eagraithe i ngreille le colúin agus sraitheanna uimhrithe ó 0 go 4. Breacann (lasann) agus díbhreacann (múchann) an ríomhchlár LEDanna difriúla sa tsraith uachtair ag brath ar na huimhreacha randamacha a stóráiltear san athróg preabadh.
 - Tugtar comhordanáidí na LEDanna i gcónaí leis an gcolún trasna ar dtús (an x-ais) ansin an tsraith suas síos (an y-ais). Tá lár na lasrach ag an gcomhordanáid 2, 0.
 

- Coinníonn 'lúb go deo' an beochan ag rith.
 - Úsáideann an ríomhchlár athróg ar a dtugtar lasta chun cuntas a choimeád ar cé acu atá an choinneál lasta nó nach bhfuil. Is athróg Boole í seo.
Ní féidir ach dhá luach a bheith ag athróga Boole: fíor (ar siúl) nó bréagach (as). - Nuair a bhraitheann braiteoir an mhicreafóin fuaim ard, mar shampla nuair a shéideann tú air, scoránaíonn an cód luach lasta trína shocrú ag múchta. Mar sin, nuair a shéideann tú ar an micreafón, má tá lasta ag fíor, athróidh sé go bréagach agus glanfar an scáileán, agus castar na LEDanna as.
 - Má bhí lasta ag bréagach, athraítear é go fíor agus casaimid an ríomhbheochan ar ais ar siúl.
 
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit
 - MakeCode nó Python editor
 - paca cadhnraí (roghnach)
 
Céim 2: Códaigh é
1from microbit import *
2import random
3
4lit = True
5
6while True:
7    if microphone.was_event(SoundEvent.LOUD):
8        lit = not lit
9        sleep(500)
10    if lit:
11        display.show(Image(
12        "00900:"
13        "09990:"
14        "09990:"
15        "09990:"
16        "09990"))
17        sleep(150)
18        flicker = random.randint(1, 3)
19        if flicker != 2:
20            display.set_pixel(2,0,0)
21            display.set_pixel(flicker,0,9)
22        sleep(150)
23    else:
24        display.clear()Céim 3: Feabhsaigh é
- Cruthaigh do dhearadh féin le haghaidh beochan a chasadh air nó as ag úsáid fuaime.
 - Is féidir leat an bloc 'ar fhuaim ard' a dhéanamh níos íogaire nó níos lú íogaire trí bhloc 'socraigh tairseach fuaime ard' a chur le bloc 'ar thosú'. Aimsigh sin faoi Ionchur agus '...tuilleadh.' Bain úsáid as uimhreacha níos lú le haghaidh fuaimeanna níos ciúine, uimhreacha níos mó le haghaidh fuaimeanna níos airde.
 - In Python, chun an tairseach d'fhuaim ard a athrú, úsáid 
microphone.set_threshold(SoundEvent.LOUD, 128)go díreach roimh an lúb,while True:, agus athraigh an uimhir 128 chuig an luach is mian leat. D'fhéadfadh sé seo a bheith ina uimhir ar bith idir 0 agus 255, agus is é 255 an fhuaim is airde. 
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.


