Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Tabhair ar mhicreafón an micro:bit nua freagairt do bhualadh bos agus do bhuillí trí thaispeántas soilse beochana.
Réamhrá
Treoir chódaithe
Na rudaí a fhoghlaimeoidh tú
- Conas a ghlacann ríomhairí ionchuir, a phróiseálann siad iad ag baint úsáide as cód agus a chruthaíonn siad aschuir éagsúla
 - Conas braiteoir micreafóin ionsuite an micro:bit nua a úsáid chun imeachtaí a spreagadh i do chód
 - Gur féidir micreafón an micro:bit a úsáid chun freagairt d'fhuaimeanna ísle agus arda araon
 
Conas a oibríonn sé
- Nuair a bhraitheann an micreafón fuaim ard, mar shampla bualadh bos, taispeánann sé croí mór ar a scáileán LED.
 - Má bhraitheann sé fuaim chiúin, mar shampla nuair a stopann an bualadh bos, taispeánann sé croí beag.
 - Is é an éifeacht atá aige sin ná beochan croí simplí a chruthú a fhreagraíonn do bhualadh bos nó do bhuillí láidre sa cheol.
 
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit nua le fuaim (nó insamhlóir MakeCode)
 - Eagarthóir MakeCode nó Python
 - paca cadhnraí (roghnach)
 
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Cruthaigh do bheochan féin ag baint úsáide as deilbhíní eile nó ag tarraingt do phictiúir féin.
 - Tabhair ar an micro:bit freagairt d'fhuaim ard trí fhuaim dá chuid féin a dhéanamh. An gcruthaíonn seo aon fhadhbanna? Conas is féidir leat iad a shocrú?
 - Is féidir leat an leibhéal fuaime a athrú a spreagann teagmhas fuaim ard. Tugtar tairseach ar an leibhéal sin. I MakeCode bain úsáid as an mbloc ionchuir 'socraigh tairseach fuaime ard go...' chun leibhéil fuaime éagsúla a roghnú chun é a dhéanamh níos íogaire nó níos lú íogaire do fhuaimeanna arda.
 - In Python, chun an tairseach d'fhuaimeanna arda a athrú, úsáid 
microphone.set_threshold(SoundEvent.LOUD, 128)- agus athraigh uimhir 128 chuig an uimhir is mian leat idir 0 agus 255. 
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.


