Céim 1: Déan é
Cad atá ann?
Úsáid do micro:bit chun a léiriú don domhan conas a mhothaíonn tú.
Léiríonn an dá fhíseán seo cad a dhéanfaidh tú agus conas é a chódú:
Intreoir
Treoir chódaithe
Conas a oibríonn sé
- Tá dhá chnaipe ionchuir ag an micro:bit chun tosaigh agus is féidir iad a úsáid chun go dtarlóidh rudaí.
 - Nuair a bhrúnn tú cnaipe ionchuir A freagraíonn an ríomhchlár trí straoiseog shona a léiriú ar aschur scáileáin an LED.
 - Nuair a bhrúitear cnaipe B, tagann straoiseog bhrónach aníos.
 
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
 - MakeCode nó Python editor
 - paca cadhnraí (roghnach)
 
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Bain triail as íomhánna eile mothúchánacha ar nós INA CHODLADH, MEARBHALL no MEH.
 - Dear do chuid 'straoiseog' féin ag úsáid scáileán an LED.
 - Úsáid an suaitheantas chun a thaispeáint go bhfuil cabhair ag teastáil uait nó cruthaigh suaitheantais le haghaidh vótáil ranga le ticeanna nó le crosa.
 - Dear bealach le do shuaitheantas a chaitheamh ag baint úsáid as snáithe, nó as téip. (Ná húsáid biorán dúnta mar go dtiocfadh leis an miotal dochar a dhéanamh do do micro:bit.)
 - Déan an tionscadal níos inrochtana trí chairtchlár a chur leis chun na cnaipí a dhéanamh níos éasca le brú.
 

This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.


