Céim 1: Cruthaigh é
Athraigh grúpa micro:bit ina shaithe de lampróga draíochtacha lonracha ag úsáid cumarsáid raidió

Cad a fhoghlaimeoidh tú
- an chaoi chun cumarsáid raidió idir micro:bit a úsáid chun teagmhais a spreagadh
 - gur féidir scáileán LED an micro:bit a dhéanamh níos gile agus níos dorcha
 - conas uimhreacha randamacha agus seans a úsáid chun iompar an tsaoil réadaigh a aithris
 
Cad atá ann?
Is feithidí iad na lampróga a úsáideann bithlonracht (solas a chruthaítear ina gcorp) chun cumarsáid a dhéanamh le chéile.
Déanann an tionscadal seo aithris ar iompraíocht fíorlampróg ag úsáid ghné chumarsáid raidió an micro:bit. Chruthaigh Nicholas H. Tollervey an leagan Python, agus tá an leagan MakeCode bunaithe air sin.
Splanc an ríomhchlár chuig ar a laghad trí micro:bit sa seomra céanna. Brúigh cnaipe A ar aon micro:bit agus ba chóir go bhfeicfidh tú 'saithe' de lampróga ag lasadh de réir mar a fhaigheann siad teachtaireacht raidió. Oibríonn sé is fearr i seomra dorcha ina bhfuil go leor micro:bit.
Nuair a fhaigheann an micro:bit an teachtaireacht raidió bíonn seans amháin as deich aige a theachtaireacht raidió féin a tharchur agus tonn eile de shoilse lonracha a thosú sna micro:bit eile.
Nuair a stopann na soilse faoi dheireadh, brúigh cnaipe A ar an micro:bit chun an 'saithe' cumarsáide a atosú.
Conas a oibríonn sé
- Úsáideann an clár cumarsáid raidió chun teachtaireacht 'splanc' a sheoladh nuair a bhrúnn tú cnaipe A ar cheann de na micro:bit.
 - Nuair a fhaigheann gach micro:bit an teachtaireacht, fanann sé fad randamach ama idir 50 agus 350 milleasoicind. Ansin tugann sé ar scáileán an LED splancadh go geal agus éirí dorcha de réir a chéile chun aithris a dhéanamh ar lasadh lampróige.
 - Ansin gineann sé uimhir randamach idir 0 agus 9. Más ionann an uimhir agus 0, seolann sé a theachtaireacht raidió 'splanc' féin, rud a spreagann níos mó tinebhéil micro:bit chun lonrú. Mar sin, tá seans aon as deich ann go spreagfaidh sé níos mó lonrúcháin i micro:bit eile.
 - Is féidir leat meascán de shean- agus nua micro:bit a úsáid, ach ní mór leaganacha MakeCode nó Python den chlár a bheith splancsctha orthu uile. (Feidhmíonn cumarsáid raidió beagán difriúil i ngach ceann de na teangacha ríomhchláraithe. Ní féidir le cláir MakeCode cumarsáid a dhéanamh thar an raidió le cláir Python agus a mhalairt.)
 
Cad a theastaíonn uait
- ar a laghad 3 micro:bit, dá mhéad is ea is fearr é
 - pacáistí ceallraí micro:bit (roghnach)
 
Céim 2: Códaigh é
1# A micro:bit Firefly.
2# By Nicholas H.Tollervey. Released to the public domain.
3import radio
4import random
5from microbit import display, Image, button_a, sleep
6
7# Create the "flash" animation frames. Can you work out how it's done?
8flash = [Image().invert()*(i/9) for i in range(9, -1, -1)]
9
10# The radio won't work unless it's switched on.
11radio.on()
12
13# Event loop.
14while True:
15    # Button A sends a "flash" message.
16    if button_a.was_pressed():
17        radio.send('flash')  # a-ha
18    # Read any incoming messages.
19    incoming = radio.receive()
20    if incoming == 'flash':
21        # If there's an incoming "flash" message display
22        # the firefly flash animation after a random short
23        # pause.
24        sleep(random.randint(50, 350))
25        display.show(flash, delay=100, wait=False)
26        # Randomly re-broadcast the flash message after a
27        # slight delay.
28        if random.randint(0, 9) == 0:
29            sleep(500)
30            radio.send('flash')  # a-ha
31            
32Céim 3: Feabhsaigh é
- Athraigh an íomhá a thaispeántar nuair a splancann an scáileán
 - Athraigh an cód sa chaoi is go mbeidh sé níos dóchúla nó níos lú seans ann go spreagfaidh sé imeacht splanc eile i micro:bit eile. D'fhéadfadh raon na n-uimhreacha randamacha a bheith ag teacht leis an oiread micro:bit atá agat: méadaigh an seans má tá níos lú micro:bit agat
 - Cruthaigh grúpaí níos lú de lampróga ag úsáid uimhreacha grúpaí raidió difriúla. Ní bheidh ach na micro:bit leis an uimhir ghrúpa chéanna ábalta cumarsáid a dhéanamh le chéile.
 - Bain triail as cumhacht an chomhartha raidió a athrú.
Úsáid an bloc 'radio set transmit power' in MakeCode.
In Python úsáidradio.config(power=7)
Roghnaigh uimhir 0 (an comhartha raidió is laige) agus 7 (is láidre).
Cén éifeacht a bhíonn le cumhacht an raidió a athrú? 
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.


