Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Méadaigh an réimse mothúchán is féidir leat a thaispeáint - léim suas agus síos chun a léiriú go bhfuil tú ag iarraidh pleidhcíocht!

Conas a oibríonn sé
- Amhail Suaitheantas na mothúchán, taispeánann an ríomhchlár seo straoiseog shona agus bhrónach ag brath ar an gcnaipe ionchuir a roghnaíonn tú, A nó B.
 - Tá ionchuir eile ag an micro:bit, mar shampla braiteoirí.
 - Úsáideann an ríomhchlár seo ionchur méadair luasghéaraithe an micro:bit chun fórsaí a thomhas agus chun croitheadh a bhrath.
 - Nuair a mhothaíonn an méadar luasghéaraithe gluaiseacht tobann taispeánann an ríomhchlár an straoiseog amaideach ar aschur scáileáin an LED.
 
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
 - MakeCode nó Python editor
 - paca cadhnraí (roghnach)
 - roinnt fuinnimh le croitheadh, léim nó le bheith ag amadán
 
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Úsáid íomhánna ionsuite difriúla de mhothúcháin cosúil le CUMA LIOM, TRÍNA CHÉILE nó FEARGACH.
 - Taispeáin mothúchán eile nuair a bhrúnn tú cnaipí A agus B le chéile.
 - Cuir mothúcháin nua leis ag baint úsáide as an taispeántas LED chun do phictiúir féin a tharraingt mar a rinneamar i Ainmhithe beoite.
 - Is féidir leis an méadar luasghéaraithe 'comharthaí' eile a bhrath mar shampla 'saorthitim' agus cé acu atá sé claonta ar dheis nó ar chlé - bain triail astu. Faigh tuilleadh eolais faoi chomharthaí in micro:bit Python anseo.
 
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.


