Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Cruthaigh do dheilbhín gréine féin le haghaidh do micro:bit.

Conas a oibríonn sé
- Tá a lán pictiúr ionsuite sa micro:bit, ach in amanna beidh tú ag iarraidh do chuid féin a chur leis.
 - Cruthaíonn an ríomhchlár seo íomhá den ghrian ag úsáid greille 5x5 de LEDanna an scáileáin micro:bit.
 - Úsáideann ríomhairí, fóin agus táibléid pictiúir bheaga chun nithe agus smaointe a léiriú trí phoncanna, nó trí phicteilíní, mar dheilbhíní nó mar straoiseoga.
 
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
 - MakeCode nó Python editor
 - paca cadhnraí (roghnach)
 - páipéar cearnaithe chun do dhearaí féin a tharraingt (roghnach)
 
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Tarraing do leagan féin den ghrian, nó de réalta nó den ghealach.
 - Tiocfaidh an ghrian ar an scáileán má bhrúnn tú cnaipe A, agus tiocfaidh an ghealach má bhrúnn tú cnaipe B.
 - Úsáid lúb chun tabhairt ar an ngrian caochadh nó éirí.
 - I Python, bain úsáid as raon uimhreacha (ní hamháin 9) chun a thaispeáint go bhfuil gathanna na gréine ag dul i laghad de réir mar a théann siad níos faide ón lár.
 
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.


