Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Coimeád taifead ar na teochtaí is ísle agus is airde tríd an ríomhchlár seo a fhágáil ag rith ar an micro:bit.
Léiríonn an dá fhíseán seo cad a dhéanfaidh tú agus conas é a chódú:
Intreoir
Treoir chódaithe
Conas a oibríonn sé
- Cosúil leis an tionscadal Teirmiméadar, úsáideann sé seo an braiteoir teochta atá taobh istigh de LAP (aonad próiseála lárnach) an micro:bit chun an teocht a thomhas i °C (Celsius).
 - Coinníonn an clár seo súil ar na teochtaí is ísle agus is airde a taifeadadh trí úsáid a bhaint as 3 athróg: is é currentTemp an léamh teochta reatha, is é max an t-uasmhéid agus is é min an t-íosmhéid.
 - Ag tús an chláir, socraítear iad go léir go dtí an luach céanna; cinntíonn lúb gan teorainn (go deo) go nglacann sé léamh gach dhá shoicind, agus déanann an clár comparáid idir an teocht reatha agus na hathróga uasmhéid agus íosmhéid.
 - Má tá an teocht reatha níos ísle ná (<) an luach atá san athróg íos-, athróidh sé athróg íos- go mbeidh sé mar an gcéanna leis an teocht reatha.
 - Má tá an teocht reatha níos airde ná (>) an luach atá san athróg uas-, athróidh sé an athróg uas- go mbeidh sé mar an gcéanna leis an teocht reatha.
 - Splancann an ríomhchlár ponc ar scáileán an LED gach uair a ritheann an lúb shíoraí ionas go mbeidh a fhios agat go bhfuil sé ag obair.
 - Brúigh cnaipe A chun an íosteocht a taifeadadh a thaispeáint agus cnaipe B chun an uasteocht a taifeadadh a thaispeáint.
 - D'fhéadfá an micro:bit a fhágáil ag rith ar feadh 24 uair, an uasteocht agus an íosteocht a thaifeadadh agus iad a bhreacadh ar chairt ag an am céanna gach lá ansin é a athshocrú.
 
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
 - MakeCode nó Python editor
 - paca cadhnraí (roghnach)
 - foinse téimh nó fuaraithe, mar shampla gaothrán, má tá tú ag iarraidh an teocht a fheiceáil ag athrú go gasta - nó glac an micro:bit amach taobh amuigh.
 - páipéar graif má tá tú ag iarraidh cairt a dhéanamh de theochtaí le himeacht ama
 
Céim 2: Códaigh é
1from microbit import *
2
3currentTemp = temperature()
4max = currentTemp
5min = currentTemp
6
7while True:
8    display.show('.')
9    currentTemp = temperature()
10    if currentTemp < min:
11        min = currentTemp
12    elif currentTemp > max:
13        max = currentTemp
14    if button_a.was_pressed():
15        display.scroll(min)
16    if button_b.was_pressed():
17        display.scroll(max)
18    sleep(1000)
19    display.clear()
20    sleep(1000)
21Céim 3: Feabhsaigh é
- Cuir an léamh i gcomparáid le teirmiméadar eile. Cé chomh beacht agus atá an micro:bit? An gcaithfidh tú léamh an micro:bit a mhionathrú chun teocht an aeir a fháil? Cén chaoi a bhféadfá é sin a dhéanamh?
 - Athraigh an teocht go Fahrenheit.
 - Úsáid raidió chun léamha teochta a sheoladh chuig micro:bit eile.
 
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.


