Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Úsáid an deilbhín den ghrian ó Seo chugainn an ghrian chun ríomhbheochan de ghathanna gréine a chruthú.

Conas a oibríonn sé
- Taispeánann an ríomhchlár seo sraith pictiúr den ghrian ar scáileán an LED atá bunaithe ar an gceann a rinneamar sa tionscadal Seo chugainn an ghrian.
 - Bíonn sos 500 milleasoicind (leathshoicind) idir gach íomhá ionas go bhfeicfidh tú í sula dtaispeánfar an chéad cheann eile.
 - Cruthaíonn an tsraith ríomhbheochan de ghathanna gréine ag teacht ó lár na gréine.
 - Taispeántar an tsraith arís is arís eile go dtí nach bhfuil cumhacht ag an micro:bit de bhrí go bhfuil na treoracha istigh i lúb shíoraí, gan chríoch (go deo).
 - Úsáidtear ríomhairí go minic chun cabhrú le beochantóirí cartúin agus scannáin a dhéanamh, cruthaítear seachmall gluaiseachta trí shraith d'íomhánna beagán difriúil a thaispeáint ceann i ndiaidh a chéile.
 
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
 - MakeCode nó Python editor
 - paca cadhnraí (roghnach)
 - páipéar cearnaithe chun do dhearaí féin de gha gréine a tharraingt (roghnach)
 
Céim 2: Códaigh é
1from microbit import *
2
3while True:
4    display.show(Image(
5        "00000:"
6        "00900:"
7        "09990:"
8        "00900:"
9        "00000"))
10    sleep(500)
11    display.show(Image(
12        "00000:"
13        "09990:"
14        "09990:"
15        "09990:"
16        "00000"))
17    sleep(500)
18    display.show(Image(
19        "90909:"
20        "09990:"
21        "99999:"
22        "09990:"
23        "90909"))
24    sleep(500)Céim 3: Feabhsaigh é
- Méadaigh nó laghdaigh luas na ríomhbheochana tríd an aga moille de 500 milleasoicind a athrú.
 - Úsáid do dhearaí féin don ghrian agus a ghathanna.
 - In Python, úsáid réimse uimhreacha ó 1 go 9 chun gathanna na gréine a thaispeáint ag éirí níos dorcha de réir mar a bhogann siad níos faide ón lár.
 
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.


