Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
An raibh aon duine i do sheomra? Is féidir leat, le micro:bit, paca cadhnraí agus maighnéad, aláram a chruthú a chuirfidh tú ar d'airdeall faoi fhiosraitheoirí slítheánta...
Intreoir
Treoir chódaithe
Conas a oibríonn sé
- Sa tionscadal seo déanfaidh tú aláram dorais a oibríonn díreach cosúil le braiteoir dorais fíor i gcóras slándála baile.
 - Tá braiteoir compáis ionsuite ag do micro:bit ar a dtugtar maighnéadaiméadar. Is féidir leat é a úsáid le réimse maighnéadach an Domhain a thomhas mar chompás - nó chun a bhrath a láidre is atá réimsí maighnéadacha níos cóngaraí don bhaile!
 - Leag maighnéad i gcúinne an dorais agus leag micro:bit le ríomhchlár an aláram dorais in aice leis ar fhráma an dorais mar a thaispeántar san fhíseán.
 - Úsáideann an ríomhchlár braiteoir ionchuir chompás an micro:bit (maighnéadaiméadar) agus lúb shíoraí chun tomhas a choinneáil ar chumhacht an réimse mhaighnéadaigh.
 - Úsáideann sé rogha ionas go dtaispeántar straoiseog fheargach ar scáileán an LED nuair a thiteann sé faoi leibhéal áirithe (an tairseach). Ciallaíonn sé sin gur bhog an maighnéad ar shiúl ón micro:bit - nuair a osclaíodh an doras - mar sin, seans go raibh duine éigin i do sheomra!
 - Taispeántar léamh an fhórsa mhaighnéadaigh reatha nuair a bhrúitear cnaipe A. Úsáid é sin chun an uimhir thairsí a roghnú trí léamha a thógáil leis an doras oscailte agus dúnta. D'úsáideamar 200 sa sampla, ach braitheann sé ar a láidre atá do mhaighnéad agus má tá aon réimsí maighnéadacha eile in aice láimhe. Taispeánann an físeán códaithe thuas an chaoi leis sin a dhéanamh.
 - Brúigh cnaipe A chun an straoiseog fheargach a ghlanadh agus chun an t-aláram a athshocrú.
 
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit
 - Eagarthóir cóid ar líne MakeCode
 - paca cadhnraí
 - maighnéad
 - bealach éigin chun an maighnéad, micro:bit agus paca cadhnraí a ghreamú don doras agus do fhráma an dorais
 
Céim 2: Códaigh é
1# Python uses nanoteslas to measure magnetism.
2# Experiment with different numbers depending on the
3# strength of your magnet, which you can read by 
4# pressing button A.
5
6from microbit import *
7
8while True:
9    if button_a.was_pressed():
10        display.scroll(compass.get_field_strength())
11    if compass.get_field_strength() < 200000:
12        display.show(Image.ANGRY)Céim 3: Feabhsaigh é
- Cuir callaire agus aláram inchloiste leis
 - Úsáid athróg chun cuntas a choinneáil ar líon na n-uaireanta a osclaítear an doras - beidh ort cód a chur leis chun a bhrath nuair a osclaítear agus a dhúntar é
 - Cruthaigh amadóir chun an fad a fágadh doras oscailte a thomhas
 
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.


