Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Úsáid gné raidió an micro:bit chun ceisteanna a fhreagairt faoi rún.

Conas a oibríonn sé
- Splancaigh an clár seo ar dhá micro:bit. Cuireann tú féin agus cara ceisteanna ar a chéile a bhfuil ‘tá’ nó ‘níl’ mar fhreagra orthu.
 - Brúigh cnaipe ionchur A chun teachtaireacht 'sea' a sheoladh agus cnaipe B chun 'ní hea' a sheoladh. Splancfaidh tic nó cros ar aschuir scáileáin LED an dá micro:bit ar feadh leathshoicind.
 - Úsáideann an ríomhchlár seo raidió chun do theachtaireacht a sheoladh faoi rún - ní chloisfidh aon duine (seachas do pháirtnéir) an comhartha raidió.
 - Nuair a fhaightear teachtaireacht raidió, úsáideann an ríomhchlár rogha chun an teachtaireacht a scrúdú: má tá an teachtaireacht a fuaireadh cothrom le 'sea', mar sin taispeánann sé tic ar aschur scáileáin an LED, ach má tá an teachtaireacht cothrom le 'ní hea' mar sin taispeánann sé cros.
 - Déan cinnte go bhfuil an uimhir ghrúpa raidió mar an gcéanna ar an dá micro:bit - is féidir leat aon uimhir idir 0 agus 255 a úsáid.
 - Má tá go leor agaibh ag úsáid an ríomhchláir seo san áit chéanna, cinntigh go bhfuil a uimhir ghrúpa raidió féin ag gach beirt.
 - Coinnigh d'uimhir ghrúpa raidió faoi rún murar mhaith leat daoine a bheith ag féachaint ar do theachtaireachtaí!
 
Cad a theastaíonn uait
- Dhá micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
 - MakeCode nó Python editor
 - paca cadhnraí (roghnach)
 - cara agus rún le roinnt
 
Céim 2: Códaigh é
1from microbit import *
2import radio
3radio.config(group=7)
4radio.on()
5
6while True:
7    message = radio.receive()
8    if message:
9        if message == 'yes':
10            display.show(Image.YES)
11            sleep(500)
12            display.clear()
13        elif message == 'no':
14            display.show(Image.NO)
15            sleep(500)
16            display.clear()
17    if button_a.was_pressed():
18        radio.send('yes')
19        display.show(Image.YES)
20        sleep(500)
21        display.clear()
22    if button_b.was_pressed():
23        radio.send('no')
24        display.show(Image.NO)
25        sleep(500)
26        display.clear()
27Céim 3: Feabhsaigh é
- Taispeáin deilbhíní nó teachtaireachtaí difriúla le haghaidh 'sea' agus 'ní hea'.
 - Úsáid croitheadh, claonadh nó cnaipí A agus B le chéile chun freagraí difriúla a sheoladh mar shampla 'b'fhéidir.'
 - Athraigh 'sea' agus 'ní hea' chuig 'ponc' agus 'fleasc' agus seol teachtaireachtaí i gcód Morse.
 
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.


