Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Cruthaigh fíor-staduaireadóir ag baint úsáid as braiteoir lógó tadhaill an micro:bit nua mar chnaipe breise.
Intreoir
Treoir chódaithe
Na rudaí a fhoghlaimeoidh tú
- An chaoi chun braiteoir lógó tadhaill an micro:bit nua a úsáid mar chnaipe breise i dtionscadal praiticiúil
 - Conas athróga agus oibreoirí matamaiticiúla a úsáid chun am a thomhas
 - Conas oibreoirí matamaiticiúla a úsáid chun aonaid (milleasoicindí go soicindí) a thiontú
 - An rud atá i gceist le hathróg Boole agus an chaoi ar féidir iad a úsáid chun gluaiseacht ríomhchláir a rialú
 
Conas é a úsáid
- Splanc an ríomhchlár chuig micro:bit le callaire ionsuite.
 - Brúigh cnaipe A chun an staduaireadóir a thosú. Taispeántar croí beoite ag bualadh ar an taispeáint LED agus é ag tomhas an ama.
 - Brúigh cnaipe B lena stopadh. Is féidir é a thosú agus a stopadh an oiread uaireanta agus is mian leat agus leanfaidh sé air ag cur leis an am, díreach mar a bheadh fíor-staduaireadóir ann.
 - Brúigh an lógó tadhaill órga ag tosach an micro:bit chun an t-am a tomhaiseadh i soicindí a thaispeáint.
 - Chun an t-am a athshocrú ar ais chuig 0, brúigh an cnaipe athshocraithe ar chúl an micro:bit.
 
Conas a oibríonn sé
- Coimeádann an micro:bit taifead ar an bhfad a raibh cumhacht leis i milleasoicindí (míliú de shoicind). Tugtar an t-am reatha air seo.
 - Nuair a bhrúnn tú cnaipe A, socraítear athróg ar a dtugtar tosaigh ag an bhfad reatha atá ann faoi láthair.
 - Nuair a bhrúnn tú cnaipe B, dealaítear an t-am tosaigh ón bhfad reatha nua chun a oibriú amach an méid ama a chuaigh thart ó thosaigh tú an staduaireadóir. Suimítear an difear sin leis an am iomlán, a stóráiltear in athróg ar a dtugtar am.
 - Má bhrúnn tú an lógó tadhaill, taispeánann an clár an t-am iomlán atá caite ar an taispeáint LED. Déanann sé an t-am a thiontú ó mhilleasoicindí (míle cuid de shoicind) go soicindí trína roinnt ar 1000. Úsáideann sé an oibreoir roinnte slánuimhir chun toradh a thabhairt in uimhreacha iomlána (slánuimhreacha).
 - Úsáideann an ríomhchlár athróg Boole freisin ar a dtugtar ag rith chun an ríomhchlár a rialú. Ní féidir ach dhá luach a bheith ag athróga Boole: fíor nó bréagach. Má tá ag rith fíor, ciallaíonn sé sin gur tosaíodh an staduaireadóir. Má tá rith bréagach, ciallaíonn sé sin nár tosaíodh an staduaireadóir nó gur stopadh é.
 - Más fíor an pointe ag rith, coinníonn lúb beochan an chroí le feiceáil ar an taispeáint LED.
 - Ní thaispeánfaidh sé an t-am ach amháin má bhrúnn tú an lógó agus an staduaireadóir stoptha, má bhíonn ag rith gan a bheith fíor.
 - Coscann an cód léamha bréagacha trína chinntiú nach n-athraítear an t-athróg am ach amháin nuair a bhrúnn tú cnaipe B má tá an staduaireadóir tosaithe cheana féin, má tá ag rith fíor.
 
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit nua le fuaim (nó ionsamhlóir MakeCode)
 - MakeCode nó Python editor
 - paca cadhnraí (roghnach)
 
Céim 2: Códaigh é
1from microbit import *
2time = 0
3start = 0
4running = False
5
6while True:
7    if running:
8        display.show(Image.HEART)
9        sleep(300)
10        display.show(Image.HEART_SMALL)
11        sleep(300)
12    else:
13        display.show(Image.ASLEEP)
14    if button_a.was_pressed():
15        running = True
16        start = running_time()
17    if button_b.was_pressed():
18        if running:
19            time += running_time() - start
20        running = False
21    if pin_logo.is_touched():
22        if not running:
23            display.scroll(int(time/1000))Céim 3: Feabhsaigh é
- Mionathraigh an ríomhchlár ionas gur féidir leat an t-am a athshocrú tríd an micro:bit a chroitheadh.
 - Déan an t-amadóir níos cruinne trí chodáin d'uimhreacha a úsáid in ionad slánuimhreacha (uimhreacha iomlána).
 - Cuir feidhm ama lap leis ionas go dtaispeánfaidh an staduaireadóir an t-am ag an bpointe sin má dhéanann tú teagmháil leis an lógó agus é ag rith. Cinntigh nach gcuirtear sin leis an athróg am iomlán.
 
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.


